Filtrer par genre

What the Focal!?

What the Focal!?

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn! Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.

10 - What the Focal!? - Diarmuid Ó Sé
0:00 / 0:00
1x
  • 10 - What the Focal!? - Diarmuid Ó Sé

    San eagrán seo labhraíonn Ciara le Diarmuid Ó Sé, léachtóir le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. 'Fíon na Spáinne' nó 'Fíon Spáinneach'? Cén difear atá idir 'méid na ndaoine' agus 'an méid daoine'? Na comharthaí bóthair 'maraíonn tuirse' - an bhfuil ciall leo? Céimí de chuid UCD agus UCC is ea Diarmuid Ó Sé. Tá sealanna caite aige mar léachtóir le teangeolaíocht agus leis an Nua-Ghaeilge. Ó Chiarraí Thiar ó dhúchas é. Eisean a scríobh an leabhar téagartha Gaeilge Chorca Dhuibhne, ina bhfuil cur síos cuimsitheach ar Ghaeilge Chorca Dhuibhne. Beidh leagan Béarla de ar fáil go luath. Leis an eagrán seo cuirtear clabhsúr le sraith 1 den phodchraoladh What the Focal!? Ach níl deireadh leis an togra What the Focal!? ná baol air! Coinnígí súil ar chuntais @miseciara don nuacht is déanaí. Míle buíochas libh as éisteacht.

    Wed, 25 Jan 2023 - 1h 12min
  • 9 - What the Focal!? - Áine Ní Ghlinn

    Scríbhneoir do dhaoine óga agus file í Áine Ní Ghlinn, agus Laureate na nÓg 2020 – 2023. Tá 36 leabhar foilsithe aici, idir fhilíocht, dhrámaí, úrscéalta agus scéalta do dhaoine óga. Cad is brí le 'ceo inchinne'? Ar chuala tú 'Gaelachas' riamh cheana? Cad is brí le 'can I biscuit'? I measc na nduaiseanna atá buaite aici, tá Gradam Reics Carló Leabhar na Bliana buaite aici faoi thrí; Gradam Ficsin, Leabhair Pháistí Éireann & Gradam Leabhar na Bliana, Cumann Litearthachta na hÉireann. Bronnadh Comhaltacht Patrick Kavanagh uirthi i 2019 agus tá go leor duaiseanna filíochta buaite aici ag Seachtain na Scríbhneoirí Lios Tuathail, Féile Filíochta Bhéal na mBuillí agus Oireachtas na Gaeilge.

    Wed, 18 Jan 2023 - 1h 01min
  • 8 - What the Focal!? - Meidhbhín Ní Úrdail

    San eagrán seo labhraíonn Ciara le Meidhbhín Ní Úrdail, léachtóir le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath mar a bhfuil sí ina hOllamh agus ina Ceann Ábhair. Cad is brí le 'taoscadh'? An raibh an Tuiseal Gairmeach ag Shakespeare? Cad is 'guta glan' ann, agus an bhfuil siad agat? Ó Ghleann Maghair, Co. Chorcaí, ó dhúchas í Meidhbhín agus tá dlúthcheangal gaoil aici le leithinis Bhéarra. Toghadh í ina ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann i Márta na bliana 2021, an gradam acadúil is airde sa tír seo, as an sárobair scolártha atá curtha i gcrích aici ar son na nDaonnachtaí.

    Wed, 04 Jan 2023 - 59min
  • 7 - What the Focal!? - Máirín Nic Eoin

    San eagrán seo labhraíonn Ciara le Máirín Nic Eoin, scoláire litríochta a chaith na blianta fada ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Cad é an Ghaeilge ar 'wow!'? Cad is brí le deoch a ól 'as a neart'? An féidir leis an gcainteoir dúchais a bheith mícheart? Is mó leabhar atá scríofa ag Máirín Nic Eoin agus bhí sí ina heagarthóir nó ina comheagarthóir ar neart foilseachán, idir cnuasaigh aistí agus eile. Tá sí ina hOllamh Emerita le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ina ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann.

    Wed, 28 Dec 2022 - 1h 12min
  • 6 - What the Focal!? - Seosamh Ó Murchú

    Cad is brí le 'thug mo chosa uathu'? An bhfuil an ginideach ag dul i léig? An mbíonn 'ainm' baininscneach ar uairibh? San eagrán seo labhraíonn Ciara le Seosamh Ó Murchú - file gradamúil, duine de bhunaitheoirí Raidió na Life, agus fear a chaith blianta fada ar an bhfoireann eagarthóireachta sa Ghúm, áit a raibh sé mar Eagarthóir Sinsearach. Bhí sé ar fhoireann eagarthóireachta an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge leis agus tá sé páirteach sa tionscadal nua foclóireachta ag Foras na Gaeilge faoi stiúir Phádraig Uí Mhianáin

    Wed, 21 Dec 2022 - 1h 01min
Afficher plus d'épisodes