Filtra per genere
Barrscéalta

- 9732 - Colm Breathnach agus Iseult Ní Mhathúna
Ag caitheamh súil chun cinn ar na cluichí Gaelacha a bheas ar siúl ag an deireadh seachtaine, na cluichí ceannais i gcraobhacha iománaíochta an Contae agus na cluichí leath ceannais i gCraobhacha Peile na mBan.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 17 Sep 2026 - 9731 - Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach
Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, ag caint inniu ar an lá “Dún na nGall Abú”, ar na moltaí atá déanta ag an Choimisiún Eorpach maidir le húsáid na Meáin Shóisialta do pháistí faoi thrí bliana déag i measc ábhar eile.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 17 Sep 2026 - 9730 - Pacáiste ó sheoladh “Dún na nGall Abú”
Inniu lá “Dún na nGall Abú”. Rinneadh feachtas na bliana seo a sheoladh ag ócáid i nDrioglann Chroithlí aréir, bhí Michelle Nic Grianna ag an ócáid agus labhair sí le roinnt daoine a bhí i láthair.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 17 Sep 2026 - 9729 - An Dr Tony Delap ó íoclann an Bhun Bhig
Mír rialta faoi chúrsaí sláinte agus leighis, plé inniu ar ghalar croí agus stróc, ar colaistéaról, ar an Aonad Measúnaithe Leighis in Otharlann Leitir Ceanainn agus na rudaí is ansaí leis faoi Chontae Dhún na nGall ar an lá seo lá “Dún na nGall Abú”.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 17 Sep 2026 - 9728 - An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap
Mír rialta faoi chúrsaí sláinte agus leighis, plé inniu ar an Lá Domhanda Um Féinmharú a chosc agus faoin baol atá ann go mbeidh oibrithe sa tseirbhís sláinte ag cur tús le hobair de réir rialach gan mhoill.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 17 Sep 2026 - 9727 - Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste
Mír grinn na seachtaine seo le Mary Aggie ag caint inniu ar an athrú atá tagtha ar dul amach don oíche agus an mhéid atá le pleanáil agus na deochanna roimh ré agus an shift. Sé, an shift.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 10 Sep 2026 - 9726 - Garraíodóir Chluain na dTor, Deirdre Ní Bhraonáin
Mír na seachtaine seo le Deirdre faoin nádúr agus faoi chúrsaí garraíodóireachta, comhairle faoi na plandaí agus na glasraí atá maith le cur agus fás faoin am seo bliana.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 10 Sep 2026 - 9725 - Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach
Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, tá Andy i láthair ag ócáid i Londain inniu atá ag plé leis na meáin agus na buntáistí a bhaineann le hábhar fisiceach in áit ábhar digiteach
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 10 Sep 2026 - 9724 - Pacáiste ó Chumann Rothaíochta Chú Uladh
Tá Cumann Rothaíochta Chú Uladh bunaithe anois le traidhfil maith blianta sa Ghaeltacht Lár. Chuaigh Michelle leo ar an rothar ar na mallaibh mar gur mheall duine de na baill, Seán Ó Baoill í chun an tolg a fhágáil agus a rothar a thabhairt amach.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 16 Sep 2026 - 9723 - Nollaig Simms as Gaoth Dobhair ó dhúchas.
Tá teaghlach Simms san iomaíocht i roinnt mhaith rannógaí éagsúla sa Comórtas Náisiúnta Treabhadóireachta atá ar siúl an tseachtain seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 16 Sep 2026 - 9722 - John Jude Ó DuibheannaighJohn Jude Ó Duibheannaigh
Plé ar Amhrán na bhFiann agus go sonrach cé acu atá ceart sa líne san amhrán ‘Sinne Fianna Fáil’ nó an ‘Sinne Laochra Fáil’?
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 16 Sep 2026 - 9720 - Colm Mac Eamharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha Gaeltachta
Beidh seisiún eolais ar thithe folmha ar siúl i Gteic Ghaoth Dobhair tráthnóna amárach ag a 7.00in. Beidh Colm i measc na gcainteoirí ag an ócáid seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 16 Sep 2026 - 9719 - An Binse Cliste, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Rinne Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha an Binse Cliste a sheoladh go hoifigiúil le gairid. Thug ár dtuairisceoir, Hannah Ní Dhomhnaill, cuairt ar an Pháirc le fáil amach di féin cad é go díreach atá sa Bhinse Cliste.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 16 Sep 2026 - 9718 - Sharon, Evan agus Glenn Ó Domhnaill Oileán Árainn Mhór
I mí na Nollag seo beidh Sharon, Evan agus Glenn an as Oileán Árainn Mhóir ag tabhairt faoi dhúshlán rámhaíochta nuair a bheas siad ag iomrú 3,000 míle trasna an Atlantaigh.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 16 Sep 2026 - 9717 - Éilis Ní Dhochartaigh, Aerfort Dhún na nGall
Tá cleachtadh ar bun ag na seirbhísí tarrthála agus ag na seirbhísí éigeandála ag Aerfort Dhún na nGall inniu agus tá go leor dena seirbhísí tarrthála páirteach san chleachtadh seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 15 Sep 2026 - 9716 - An Garda Siobhán Ní Chathmhaoil
Mír rialta le ball den Gharda Síochána anseo i gContae Dhún na nGall le heolas agus le comhairle don phobal.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 15 Sep 2026 - 9715 - Íseult Ní Mhathúna agus John Joe Mac Íomhair
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí craoibhe a bhí ar siúl ag an deireadh seachtain.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 14 Sep 2026 - 9714 - Niamh Ní Fhearáin as Inis Eoghain
Tá Niamh ina tuairisceoir úr nuachta do Chúige Uladh ar Nuacht Cúla 4 ar TG4 agus tá sí le feiceáil ar TG4 le seachtain anuas.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 14 Sep 2026 - 9713 - Ursula Ní Shabhaois, Iriseoir
Ag plé an dea-scéala go bhfuil deireadh le cur le na taraifí ar uisce beatha a bhí ag na Stáit Aontaithe ár Uisce Beatha na tíre seo agus eolas fosta ar scéalta nuachta reatha sna Sé Contae.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 14 Sep 2026 - 9712 - Catherine Nic Grianna, Drioglann Chroithlí
Tá fáilte curtha ag Bainisteoir Dhrioglann Chroithlí, Catherine Nic Grianna, roimh fhógra an Uachtaráin Donald Trump tráthnóna inné, go bhfuil sé beartaithe ag na Stáit Aontaithe deireadh a chur lei na taraifí ar uisce beatha na hÉireann.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 16 Sep 2026 - 9711 - Tony Mac Ruairí, Pobalscoil na Rosann
Tá ócáid mhór ar an Chlochán Liath inniu ag Pobalscoil na Rosann áit a bhfuil an laoch spóirt Sonia O’Sullivan ag oscailt traic lúthchleasaíochta úr na scoile go hoifigiúil.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 14 Sep 2026 - 9710 - Pat the Cope Ó Gallachóir TD
Ag plé cuairt an Uachtaráin Donald Trump go hÉireann, thóg an t-Uachtarán ard arís ar Éireann Aontaithe leis an Taoiseach le linn a chuairt.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 14 Sep 2026 - 9709 - Bernadette Morris, léiritheoir na sraithe.
Beidh sraith úr ag toiseacht anocht ar TG4, ‘Bia Úr’ agus linn ar maidin le labhairt faoin tsraith úr seo bhí léiritheoir na sraithe, Bernadette Morris.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 09 Sep 2026 - 9708 - Hiúdaí Ó Gallachóir ón chomhlacht Corveen Glen Meats
Tá Lidl ag cur tús le Clár Forbartha Soláthróirí le tacú le gnóanna beaga a dtáirgí a chur chun cinn agus ó amárach ar aghaidh, beidh cuid tairgí an chomhlachta Corveen Glen Meats ar fáil in ollmhargaidh Lidl.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 09 Sep 2026 - 9707 - Pádraig Ó Duibhir ón choiste eagraithe
Beidh cruinniú poiblí ar siúl sa Chrannóg anseo i nGaoth Dobhair amárach le plé a dhéanamh ar an drochbhail atá ar bhealach Mhachaire Gathlán. Bhí Pádraig Ó Duibhir, duine de lucht eagraithe an chruinnithe agus duine atá ina chónaí ar an bhealach, linn ar maidin le plé a dhéanamh ar an scéal seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 09 Sep 2026 - 9706 - Máire Ní Chochláin Cathaoirleach CLG Dhún na nGall agus Clíodhna Ní Mhianáin, imreoir camógaíochta le Doire agus ball de CLG Shleacht Néill
D'fhógair an Dochtúir Máire Mhic Giolla Íosa inné go raibh sí ag éirigh as a ról mar chathaoirleach ar an Choiste Chomhtháthaithe a roghnaíodh leis an CLG, Cumann Peile na mBan agus an Cumann Camógaíochta a thabhairt le chéile mar aon eagraíocht amháin. Labhair Máire Ní Chochláin agus Clíodhna Ní Mhianáin linn faoin scéala seo ar maidin.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 09 Sep 2026 - 9705 - Joseph Mangan as Gort a’ Choirce
Bhí Joseph Mangan i láthair i bPáirc an Chrócaigh oíche Shatharn nuair a chur an dornálaí Katie Taylor deireadh lena gairm proifisiúnta mar dhornálaí in eadán Flora Pili.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 07 Sep 2026 - 9704 - Na Tráchtairí Seosamh Mac Ceallbhuí Iseult Ní Mhathúna
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí Gaelacha a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 07 Sep 2026 - 9703 - Kieran Ó Rabhartaigh, fear gnó as Dún Lúiche
D’éirigh go maith i mbliana arís leis an lá mór ceoil a d’eagraigh Clann Uí Rabhartaigh i nDún Lúiche ar an lá saoire bainc i mí Lúnasa. Thóg siad níos mó ná €42,800 do na carthánachtaí seo a leanas: an Kevin Bell Trust, Oispís Dhún na nGall agus Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 07 Sep 2026 - 9702 - Charlie Mac Laifeartaigh, úinéir Ostán na Trá sna Dúnaibh
Ag cur síos ar an óstán agus an séasúr turasóireachta i mbliana.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 07 Sep 2026 - 9701 - Gearóid Ó Muilleoir, iriseoir leis an Sunday World
Ag plé na scéalta mór atá i mbéal an phobail sna sé chontae inniu – teannas arís mar gheall ar pharáid na nOráisteach i nDroim Croí, cuid cainte príomhaire na Breataine, Andy Burnham faoi reifreann ar Éire Aontaithe agus an tionchar a bhí ag tragóid 9/11 ar fheachtas an IRA sa tír seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 07 Sep 2026 - 9700 - Margaret Mary Mhic Suibhne, cúramóir altrama as Gaoth Dobhair
Bíonn an eagraíocht Tusla sa tóir ar chúramóirí altrama go rialta agus iad ag iarraidh cúram agus tacaíochtaí cuí a chur ar fáil do pháistí atá faoi chúram an stáit seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 07 Sep 2026 - 9699 - Pacáiste ó teacht le chéile Coláiste na Croise Naofa
Bhí teacht le chéile ag iardhaltaí de chuid Choláiste na Croise Naofa ar an Fhál Carrach le gairid in Óstán Loch Altan i nGort a’Choirce le ceiliúradh a dhéanamh ar thrí scór bliain ó thosaigh siad ar an scoil.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 08 Sep 2026 - 9698 - Proinsias Mac a’ Bhaird as Oileán Árainn Mhór
Tá Banna Píob Árainn Mhór ag ullmhú le turas a dhéanamh chuig Beaver Island i Michigan an tseachtain seo, turas a rinne teaghlaigh ón oileáin thar 170 bliain ó shin le linn an Gorta Mór, agus labhair ball den bhanna, Proinsias Mac a’ Bhaird linn ar maidin faoin turas seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 08 Sep 2026 - 9697 - An Garda Breandán Mac Artáin ó Stáisiún Gardaí Leitir Ceanainn
Mír rialta le ball den Gharda Síochána sa chontae, plé inniu ar thiomáint chontúirteach, ar dhamáiste coiriúil a rinneadh i mBealach Féich agus ionsaithe a tharla i mBun na hAbhann i measc ábhair eile.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 08 Sep 2026 - 9696 - Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste
Mír grinn na seachtaine seo le Mary Aggie, ag caint inniu faoi a bheith ag ullmhú don fhómhar agus don gheimhreadh.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fri, 04 Sep 2026 - 9695 - Na tráchtairí spóirt Seosamh Mac Ceallabhuí agus Iseult Ní Mhathúna
Ag caint faoi na cluichí a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo i gcraobhacha peile na bhfear agus na mban sa chontae seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fri, 04 Sep 2026 - 9694 - Deirdre Ní Bhraonáin, garraíodóir Chluain na dTor
Mír seachtainiúil faoi chúrsaí garraíodóireachta agus nádúr, ag caint inniu faoi chomh fairsing agus atá daoil nó earwigs i mbliana agus ag caint faoin phlanda agus an nóinín an Rudbeckia nó an Black Eyed Suzy atá maith le dath a chur sa ghairdín fán am seo bliana.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fri, 04 Sep 2026 - 9693 - Patrica Uí Arlaigh, Príomhoide Scoil Naomh Carlo Acutis, Gort a’ Choirce
Dhéanfaidh Easpag Rath Bhoth, Niall Ó Colla, aifreann a cheiliúradh i dTeach Pobail Chríost Rí, Gort a’Choirce ag a 11r.n. Dé Domhnaigh le ceiliúradh a dhéanamh ar athainmniú na scoile go Scoil Naomh Carlo Acutis le gairid.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fri, 04 Sep 2026 - 9692 - An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap as Íoclann Na Bhun Bhig
Ag caint inniu faoi na liostaí fada feithimh do sheirbhísí cúraim baile agus d’uaireanta breise cúraim sa chontae seo agus faoin deascéala go bhfuil níos mó daoine ag maireachtáil i ndiaidh daofa a bheith ag fulaingt le hailse.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 03 Sep 2026 - 9691 - Marina Nic Giolla Bhríde - Comhordaitheoir Scoil Cheoil na Crannóige
Ag cur síos ar an scoil cheoil, na ranganna agus na huirlisí atá a theagasc acu chomh maith leis na sonraí faoin séasúr úr ranganna a bheas ag toiseacht gan mhoill. Comhrá chomh maith le Beth Ní Rabhartaigh, Roybn Ní Choille agus Brian Mac Aodha.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 03 Sep 2026 - 9690 - Fear na Ríomhairí – Andy Caomhánach
Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta agus teicneolaíochta ag caint faoi shábháilteacht páistí ar líne agus ar líonraí sóisialta agus faoin Aip Yuka, aip faoi chúrsaí sláinte agus bia agus moltaí faoin dóigh le saol níos folláine a chaitheamh.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 03 Sep 2026 - 9689 - Áine Ní Churráin as Carraig an tSeascann, Na Doirí Beaga
Cuireadh tús le Camino Dhún na nGall Dé Domhnaigh agus arís i mbliana táthar ag súil na mílte euro a bhailiú d'Ionad Tacaíochta Chúram Ailse an Iarthar nó Cancer Care West, bhí Áine ag caint linn beo ó Chamino Dhún na nGall inniu.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 02 Sep 2026 - 9688 - Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt
Ag caint faoi mar atá ag éirigh go maith le leabharthaí Gaeilge foi láthair agus an tábhacht a bhaineann le foilsitheoirí Gaeilge, agus cur síos fosta ar leabhar a scríobh sé féin, an leabhar Mór agus Muilc a bhfuil aitheantas UNESCO faighte aige.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 02 Sep 2026 - 9687 - Shaun Ó Dubhchóin, dornálaí as an Mhín Charraig i nGort a Choirce
Tá Shaun i ndiaidh pilleadh abhaile ón tSeirbia áit a raibh Craobhacha Faoi 19 na hEorpa sa dornálaíocht ar siúl, cuireann sé síos ar an turas, an dóigh a chur sé suim sa dornálaíocht an chéad lá riamh agus a chlub dornálaíochta i nDún Fionnachaidh.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 02 Sep 2026 - 9686 - Ciarán Mac Dáibhéid, Príomhoide Scoil Bhríde i Leitir Mhic a'Bhaird
Beidh agóidí ar siúl i sé áit éagsúla i Leitir Mhic a’ Bhaird ag 3 a chlog le haird a dhíriú ar an imní atá ar phobal an cheantair faoin neamhaird atá a dheanamh den teorainn luais fríd an bhaile.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 02 Sep 2026 - 9685 - Brian Feda Ó Dónaill ón chomhlacht Bus Feda, Rann na Feirste
Ag caint ar na fadhbanna leanúnacha le cúrsaí tráchta i Leitir Ceanainn agus an dóigh a bhfuil lánaí rothaíochta agus cosáin siúil a bhforbairt faoi láthair i Leitir Ceanainn ag cur leis an tranglam tráchta atá ansin go rialta.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 02 Sep 2026 - 9684 - Diane Ní Chanainn, Bainisteoir Margaíochta Theach Solais Fhánada
Tá Teach Solais Fhanada ag ceiliúradh deich mbliana ar an fhód i mbliana agus tá tionscnamh speisialta curtha ar bun acu le ceiliúradh a dhéanamh ar an chlochmhíle seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 01 Sep 2026 - 9683 - Hannah Ní Dhomhnaill a bhí i láthair ag an taispeántas ‘Déanta i nDún na nGall’, sa Ghailearaí ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair
Tá an taispeántas ‘Déanta i nDún na nGall’, a dhéanann ceiliúradh ar cheardaithe agus ar ealaíontóirí as an chontae seo, ar siúl sa Ghailearaí anseo ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair san am i láthair. Fuair ár dtuairisceoir, Hannah Ní Dhomhnaill an deis cuairt a thabhairt ar an taispeántas le gairid.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 01 Sep 2026 - 9682 - Seoladh an Togra Píolótach ‘Chód Suímh Chósta’ ar Thrá na Fearthainne
Sheol Comhairle Contae Dhún na nGall agus Garda Cósta na hÉireann Togra Píolótach ‘Chód Suímh Chósta’ ag ócáid a bhí ar siúl ar Thrá na Fearthainne ar Déardaoin seo a chuaigh thart. Bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag an ócáid agus labhair sé le roinnt dá raibh i láthair.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 01 Sep 2026 - 9681 - An Garda Bríd Ní Chanainn, ó Stáisiún Gardaí Bhealach Féich
Mír rialta le ball don Gharda Síochana sa chontae ag tabhairt eolas agus comhairle dár n-éisteoirí. Eolas inniu faoi eachtraí gadaíochta i gCionn an Droichid agus i Leitir Ceanainn, faoi ionsaí a tharla i mBun Cranncha, cúrsaí sábhailteachta anois agus na scoileanna oscailte arís agus faoi cham scéimeanna gutháin.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 01 Sep 2026 - 9680 - Colm Breathnach, iar-chaptaen ar fhoireann iománaíochta Dhún na nGall
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí leathcheannais craoibhe a bhí ar siúl san iománaíocht ag an deireadh seachtaine.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 31 Aug 2026 - 9679 - Hughie Rua Ó Gallachóir, ó Cheiltigh Ghaoth Dobhair
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí sacair a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine agus tús curtha le Corn Voodoo agus Brian McCormick.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 31 Aug 2026 - 9678 - An t-iriseoir, Antoin Mac Cába
Ag pilleadh inniu ar scéal na Spéiríní agus an fiosrúchán poiblí atá ar bun mar gheall ar mhianach óir atá an comhlacht Dalradian ag iarraidh sna Spéiríní i gContae Thír Eoghain.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 31 Aug 2026 - 9677 - John Boyle, Rúnaí Ginearálta Chumann Múinteoirí Éireann
Ní bheidh ceithre scoil náisiúnta in iarthar Dhún na nGall ag athoscailt don scoilbhliain úr. Labhair John linn faoin scéala seo agus fosta faoin scéala go bhfuil líon ard ranganna bunscoile i nDún na nGall ina bhfuil 30 dalta nó níos mó ann.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 31 Aug 2026 - 9676 - Póilín Nic Géidigh as an Ardaí Bheag, Gort a Choirce atá i láthair ag an Phicnic Leictreach sa tSráidbhaile i gContae Laoise
Beidh os cionn 80,000 duine ag freastal ar an Phicnic Leictreach nó EP mar is fearr aithne air an deireadh seachtaine seo i gContae Laoise, cuireann Póilín síos ar an fhéile agus ar imeachtaí a bheas sí féin páirteach ann le linn an deireadh seachtaine.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fri, 28 Aug 2026 - 9675 - Mír ómóis i gcuimhne ar an t-Iar Chomhairleoir Contae agus an t-Iar Sheanadóir Éanna Ó Cnáimhsí a fuair bás inné
Páirteach sa chomhrá seo bhí Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta, an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir, Séamus Ó Domhnaill, Daithí Alcorn, Máire Ní Chochláin, Alan Ó Baoid agus Myles Mac Suibhne.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fri, 28 Aug 2026 - 9674 - Fear na Ríomhairí – Andy Caomhánach
Mír rialta le hAndy faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, caint inniu ar an tseirbhís úr atá a chur ar fáil ar líne ag RTÉ, RTÉ Listen agus faoin chluiche úr Grand Theft Auto atá le teacht ar an mhargadh.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 27 Aug 2026 - 9673 - Micheál Ó Tunnaigh
Seolfaidh clann ceolmhar Uí Thunnaigh eagrán úr den leabhar a scríobh a n-athair Paddy sna nóchaidí “Where Songs do Thunder” ag ócáid a bheas ar siúl san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn san oíche amárach.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 27 Aug 2026 - 9672 - Sabba Ó Cuireáin, uinéir bhád farantóireachta Oileán Ghabhla, An Cricket
Ag cur síos ar an samhradh gnóthach a bhí aige agúis cuid mhór turasóirí sa chontae le linn an tsamhraidh agus ag caint fosta ar mar atá cúrsaí ar an oileán.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 27 Aug 2026 - 9671 - An Dochtuir Teaghlaigh Éamonn Mac Giolla Chomhaill
Mír rialta faoi chursaí leighis agus sláinte, plé inniu ar ar an tábhacht a bhaineann le sláinte craicinn agus faoi rudaí le bheith cúramach faoi anois agus na scoileanna ag ath-oscailt agus páistí ag meascadh le chéile níos mó arís.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 27 Aug 2026 - 9670 - An Comhairleoir Contae Anthony Molloy
Beidh deis ag an phobal dréacht phlean d’Ionad Ealaíon Pobail Ard an Rátha a fheiceáil inniu ag ócáid a bheas a reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall san Ionad Oidhreachta in Ard an Rátha idir an 4 agus a 8 a chlog tráthnóna.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 27 Aug 2026 - 9669 - Michelle Uí Mháirtín agus Breandán Ó Dufaigh, Gaelscoil Lorgan, Baile na Lorgan, Muineachán
Tá foirgneamh iomlán úr ag Gaelscoil Lorgan i mBaile na Lorgan, Contae Mhuineacháin agus na daltaí agus foireann na scoile ag bogadh isteach an tseachtain seo agus tús a chur leis an scoilbhliain úr. Cuireann Michelle agus Breandán síos ar an scoil úr agus ar na sceitimíní a bhí ar na páistí agus iad ag freastal ar an scoil úr don chéad uair ar maidin inniu.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 26 Aug 2026 - 9668 - Síle Nic Suibhne, ball foirne i nGaelscoil Chnoc Na Ré, Sligeach.
Ag caint ar na deacrachtaí atá acu sa scoil mar gheall ar easpa áiseanna agus easpa spáis agus an droch bhail atá ar fhoirgnimh na scoile. Tá Gaelscoil Chnoc na Ré ag fanacht le scoil úr le scór go léith bliain.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 26 Aug 2026 - 9667 - Mír faoi Dolly Parton le Mairéad Ní Mhaonaigh, Altan, agus Patrick Mac Fhionnghaile
Mairéad ag caint ar an aithne a bhí aici ar Dolly Parton a fuair bás inné agus an tionchar a bhí aici ar shaol an cheoil agus an obair charthanachta a rinne sí agus Patrick faoi chomh tógtha agus a bhí sé lena cuid ceoil agus an dóigh a chur sé suim ina cuid ceoil an chéad lá riamh agus na mothúcháin a bhí aige inné nuair a chuala sé faoina bás.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 26 Aug 2026 - 9666 - Seanie Ó Baoill, ball de Chumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann
Tá imní ar fheirmeoirí na contae seo mar go bhfuil sé beartaithe ag Coimisiún na hEorpa ciorraithe móra a chur i bhfeidhm ar an bhuiséad a chuireann siad ar fáil do scéimeanna feirme faoin Chomhbheartas Talmhaíochta nó CAP.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Wed, 26 Aug 2026 - 9665 - An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh
Tá tionchar na mbrící lochtacha ar thithe agus orthu siúd atá ag iarraidh a bheith beo i dtithe atá ag titim óna chéile ag dul in olcas agus tá imní mhór léirithe ag an Chomhairleoir Contae Denis Mac Aoidh faoin mhéid seo go háirithe i gceantar bardas na nGleanntach.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 25 Aug 2026 - 9664 - Máirtín Mac Gabhann
Bhí muid ag leanstan scéal Dhaithí Mhic Gabhainn as Béal Feirste anseo ar Bharrscéalta le cúpla bliain anuas agus ar ndóigh d’éirigh le Daithí aistriú croí a fháil ansin i mí Iúil i Sasana agus bhí air tréimhse a chaitheamh san otharlann ina dhiaidh. Ach tá deascéala againn ar maidin agus tá Daithí sa bhaile agus linn ar maidin beo ó na Beanna Boirche bhí athair Dhaithí, Máirtín Mac Gabhann.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 25 Aug 2026 - 9663 - An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh
De réir figiúirí atá foilsithe ag Daft.ie tá dhá oiread cíosa le híoc ag daoine sa chontae seo anois i gcomparáid le 2020 agus labhair an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh linn ar maidin faoin scéal seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 25 Aug 2026 - 9662 - Áine Ní Dhíoraí, Rúnaí Ghleann Fhinne CTR
Fuair Seán Ó Gallachóir as Ard Leathan, an Clochán, bás in Otharlann Leitir Ceanainn inné. Bhí Seán iontach gníomhach ina phobal féin agus d’obair sé go crua don aosach agus don óige. Bhí suim mhór aige i gcúrsaí polaitíochta agus bhí sé iontach cuidiúil agus muidne amuigh ag toghcháin. Cara mór de chuid an raidió - agus níl dabht ar bith ach go gcrothnófar go mór é.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mon, 24 Aug 2026 - 9661 - Máire Ní Chochláin, Cathaoirleach CLG Dhún na nGall
Tá crannchur mór ar siúl ag CLG Dhún na nGall le cúpla mí anuas le hairgead a bhailiú d’fhorbairtí atá beartaithe acu ag Ionad CLG Dhún na nGall i gConmhaigh. Déanfar an tarraingt ar an Domhnach seo ag teacht agus beidh duine amháin €250,000 níos saibhre.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 25 Aug 2026 - 9660 - Aisling Nic Pháidín agus Éabha Nic Fhionnghaile
Labhair beirt bhan chliste linn ar maidin - Éabha Nic Fhionnghaile agus Aisling Nic Pháidín agus iad ar bharr na gaoithe ó bhí Dé hAoine is a chuaigh thart nuair a fuair siad torthaí na hArdteiste. D’éirigh le hAisling 625 pointe a fháil agus d’éirigh le hÉabha 613 pointe a fháil.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 25 Aug 2026 - 9659 - Tiarnán Ó Duinchinn, píobaire as Muineachán
Tháinig an drochscéala chugainn Dé Sathairn faoi bhás an cheoltóra, Eithne Vallely as Leifear ó dhúchas i dtimpiste bóthair in Ard Mhacha. Bhí aithne leitheadach ar Eithne mar gheall ar a cuid ceoil agus bhunaigh sí féin agus a fear céile, Brian, Club Píobaireachta Ard Mhacha sa bhliain 1966.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tue, 25 Aug 2026 - 9658 - Deirdre Ní Bhraonáin, Garraíodóir Chluain na dTor.
Mír rialta faoi chúrsaí nádúr agus garraíodóireachta ag caint inniu faoi na rudaí atá le déanamh sa ghairdín ag an am seo bliana agus ag caint faoin chrann caortháin agus na buntáistí atá leis an chrann seo don nádúr. Labhair sí fosta faoin fhéithleann.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fri, 21 Aug 2026 - 9657 - Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Mír grinn na seachtaine seo le bean an Pholl Dóite ag caint inniu ar thorthaí na hArdteiste agus ar Fhleadh Cheoil na hÉireann i measc scéalta beaga eile.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fri, 21 Aug 2026 - 9656 - Andy Caomhánach – Fear na Ríomhairí.
Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta ag caint inniu faoi úsáid na Gaeilge i dteicneolaíochta i scoileanna go háirithe in abhair macasamhail eolaíocht, teicneolaíocht, innealltóireacht agus matamaitic
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fri, 21 Aug 2026 - 9655 - Seaghan Mac Laifeartaigh, Príomhoide Scoil Naisiúnta Cholmcille, Baile na Finne.
Ag cur síos ar sheirbhísí úra a bheas ar fáil sa scoil don scoilbhliain úr, ina measc club bricfeasta úr agus an club iarscoile.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fri, 21 Aug 2026 - 9654 - An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
Tá Sinn Féin ag iarraidh ar an Taoiseach an Dáil a thabhairt ar ais níos luaithe ná mar atá beartaithe le stop a chur leis na harduithe atá beartaithe ag an Rialtas ar phraghas peitril agus díosal.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fri, 21 Aug 2026 - 9653 - An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap
Mír rialta leis an Dochtúir Delap ag tabhairt eolais agus comhairle leigheas don phobal, caint inniu faoi an mhoill atá ar otharcharranna taisteal fhad le hothair atá tinn, agus comhairle do mhic léinn a bheas ag fáil torthaí na ardteiste amárach.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 20 Aug 2026 - 9652 - An Teachta Dála Pat The Cope Ó Gallachóir.
Le heolas faoi na socruithe taisteal atá a ndéanamh do phaistí scoile a bhí ag freastal ar Scoil Náisiúnta na nDúchoradh, scoil a dhruid ag deireadh na scoil bhliana. Beidh iompar scoile a chur ar fáil díofa anois le freastal ar scoil Bhaile Na Finne.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thu, 20 Aug 2026 - 9651 - Pacáiste ó Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh
Cuireadh píosa breise le Scoil Náisiúnta Bhríde, Mhín a’Chladaigh, áit ar tógadh foirgneamh úr ina mbeidh an tseirbhís iarscoile, Tír na nÓg i gcomhair le Comhar Naonraí na Gaeltachta lonnaithe.
Thu, 13 Aug 2026 - 9650 - Andy Caomhánach
Mír rialta agus é ag tabhairt comhairle teicneolaíochta don phobal inniu labhair sé faoin ordú mór a fuair siopa leabhair Kenny's i nGaillimh le gairid agus faoi shábháilteacht idirlín agus tú ag ceangail le WIFI poiblí.
Thu, 13 Aug 2026 - 9649 - An Dochtúir Teaghlaigh, Dr Tony Delap
Tá an rialtas anois ag iarraidh go gcuirfí seirbhísí comhairleoireachta ar fáil do pháistí óga i mbunscoltacha. Chomh maith le sin labhair sé faoin tábhacht a bhaineann le vacsaín HPV agus é ag moladh do thuismitheoirí cinntiú go bhfaigheann a gcuid páistí an vacsaín.
Thu, 13 Aug 2026 - 9648 - Maighréad Uí Annluain ó sheomra na NuachtaThu, 13 Aug 2026
- 9647 - Dympna Barrett, aintín Mark English agus Leah Nic Gairbheith ó Chumann Luthchleasaíochta na Rosann
Tráchtaireacht beo ó rása Mark English aréir, Tá Dympna ag cur síos ar mar a bhí an oíche aréir agus tá Leah Nic Gairbheith ó Chumann Luthchleasaíochta na Rosann i mBirmingham agus í ag cur síos ar an oíche aréir.
Fri, 14 Aug 2026 - 9646 - Deirdre Ní Bhraonáin Garraíodóir Cluain na dTor.
Mír rialta faoi chúrsaí garraíodóireacht agus plandaí. Labhair Deirdre inniu faoi na plandaí a mheallann feiliceáin.
Fri, 14 Aug 2026 - 9645 - Hannah Ní Dhomhnaill
Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta seolta agus ag toiseacht amárach agus go leor leor imeachtaí ag tarlú ar fud na tír. Bhí ár dtuairisceoir Hannah Ní Dhomhnaill linn ar maidin agus í ag tabhairt roinnt moltaí faoi chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl.
Fri, 14 Aug 2026 - 9644 - Damian Ó Néill
Beidh Camino Gaelach ar siúl in Oileán an Ghuail i dTír Eoghain, labhair Damian Ó Néill, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Cairde Uí Néill linn le tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoin ócáid seo,
Fri, 14 Aug 2026 - 9643 - Emer Ní Ghallachóir agus Seán Neansaí Ó GallachóirFri, 14 Aug 2026
- 9642 - Gabriel Ó Míocháin Príomhoide Scoil Chartha Naofa i gCill Chartha agus Charlie Ó Dónaill
Tháinig an scéala tráthnóna inné go raibh bean chéile James Mac Aodha a maraíodh sa timpiste ar an Chabháin Dé Luain, go bhfhuair Nóirín bás. Labhair Gabriel faoi Noreen agus an aithne a bhí aige uirthi agus i ag obair sa scoil leo. Labhair Charlie Ó Dónaill linn ar maidin, fear a d’oibir le Nóírín agus Mír Cartlainne Nóirín Mhic Aodha.
Wed, 12 Aug 2026 - 9641 - Pacáiste Ghael Linn
Bhí scaifte mór de mhic léinn anseo ar an tseachtain seo a chuaigh thart agus iad ar dhianchúrsa Gaeilge de chuid Ghael Linn. Bhuail cuid acu isteach againn anseo sa raidió agus fuair Aodh Máirtín Ó Fearraigh an deis labhairt leo féin agus lena múinteoir Seán Mac Nia.
Wed, 12 Aug 2026 - 9640 - Oisín Mac Eó agus Darren Ó Dubhgáin
Imreofar cluiche stairiúil ar an tSatharn seo i Wolverhampton nuair a thabharfas foireann sacair lán-Ghaeilge náisiúnta de chuid na tíre seo aghaidh ar an Chalastáin. Labhair Oisín Mac Eó, duine de bhunaitheoirí an Chumainn Sacair Gaeilge agus Darren Ó Dubhgáin a bheas mar chomhchaptaen ar an fhoireann Dé Sathairn linn ar maidin faoi.
Wed, 12 Aug 2026 - 9639 - Eimear Ní Fhrighil Oifigeach Tionscadail Forbartha Pobail leis an DLDC
Labhair Eimear ar an ócaid a bhéas ar siúil i mí na Samhna nuair a dhéanfar ceiliúradh ar ghrúpaí pobail, ar ghrúpaí deonacha, ar charthanachtaí agus ar ghrúpaí fhiontair shóisialta a bhfuil obair dhearfach déanta acu le saol daoine áirithe a dhéanamh níos fearr & tá ainmniúcháin a lorg faoi láthair ag DLDC do Ghradaim Aitheantais na bliana 2026.
Wed, 12 Aug 2026 - 9638 - Aodh Máirtín Ó Fearraigh ó sheomra na NuachtaWed, 12 Aug 2026
- 9637 - Barrscéalta, clár iomlán, 11/08/2026
Clár omóis i gcuimhne ar iar-imreoir Dhún na nGall, James Mac Aodha a maraíodh i dtaisme tragóideach bóthair inné, á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag ag Danien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Tue, 11 Aug 2026 - 9636 - Pacáiste Buaiteoirí Bannaí Fleadh
Michelle Nic Grianna ag labhairt le: Ellie -Ann Nic Pháidín as Buíon ceoil sóisear Chloich Cheann Fhaola Joe Mangan,Michael Joe Mac Pháidín, Mairí Nic Giolla Bhríde Anthony, Carl & Christopher Ó Dochartaigh.
Mon, 10 Aug 2026 - 9635 - Owenie Mac Gairbheith, Trachtaire Spóirt
Cuireadh tús le craobhacha peil na mbán agus na bhfir sa Chontae ag an deireadh seachtain. Owenie ag plé torthaí na gcluichí
Mon, 10 Aug 2026 - 9634 - Michelle Nic Pháidín ó sheomra na NuachtaMon, 10 Aug 2026
- 9633 - Pacáiste Éamonn Ó hAragáin & Karen Kirby
Bhí sár tháispeántas ceoil nach bhfacthas le tamall fada ag Aifreann na Fleidhe i dTeach Pobail Phádraig, Béal Feirste inné, Aifreann a craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Chuala muid an Cór Gaelach as Domhnach Mór i dTír Eoghain, faoi stiúr Karen Kirby agus an Ceolfhoireann faoi stiúr Patrick Davey.
Mon, 10 Aug 2026 - 9632 - Barrscéalta beo ó Bhéal Feirste,áit a bhfuil Fleadh Cheoil na hÉireann 2026 ar siúl.
Clár iomlan le ceol beo agus comhrá a chur i láthair ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Fri, 07 Aug 2026
Podcast simili a <nome>
El Partidazo de COPE COPE
Herrera en COPE COPE
La Linterna COPE
Es la Mañana de Federico esRadio
La noche de Cuesta esRadio
Hondelatte Raconte Europe 1
Au Coeur du Crime Europe1
Affaires sensibles France Inter
LEGEND Guillaume Pley
El colegio invisible OndaCero
La Rosa de los Vientos OndaCero
Les grands dossiers de l'Histoire par Franck Ferrand Radio Classique
Espacio en blanco Radio Nacional
Enquêtes criminelles RTL
Entrez dans l'Histoire RTL
Le grand récit RTL
Les Grosses Têtes RTL
Les histoires incroyables de Pierre Bellemare RTL
L'Heure Du Crime RTL
El Larguero SER Podcast
SER Historia SER Podcast
Todo Concostrina SER Podcast
Un Libro Una Hora SER Podcast
HISTORIAS DE LA HISTORIA VIVA RADIO
The Rest Is Politics: US Goalhanger
The News Agents Global
The Rest Is Politics Goalhanger
Brendan O'Connor RTÉ Radio 1
The Indo Daily Irish Independent
The Niall Boylan Podcast (They Told Me To Shut Up) Niall Boylan
Opinions Matter with Adrian & Jeremy GoLoud
The Neil Prendeville Show | Cork's RedFM Red FM
The Claire Byrne Show Newstalk
Path to Power Matt Cooper
Global News Podcast BBC World Service
James O'Brien - The Whole Show Global
Ukraine: The Latest The Telegraph
Americast BBC News
Dateline NBC NBC News
NIGHTTIME TALK WITH NIALL BOYLAN Classic Hits
Inside Politics with Hugh Linehan The Irish Times
The Andrew Neil Report Times Radio
Morning Joe Joe Scarborough, Mika Brzezinski, MS NOW, Willie Geist
Kommentaar RSG